Seachtain Na Gaeilge
19th Mar 2026
Bhí coicís iontach againn ó 1ú go dtí an 17ú Márta. Bhíomar ar fad ag foghlam go spraoiúil trí Ghaeilge, ag canadh, ag súgradh agus ag baint úsáid as ár gcúpla focal. Chuaigh na paistí sna hardranganna go dtí an leabharlann chun tráth na gceist a dhéanamh. Bhí ceol traidisiúnta agus amhráin Ghaeilge ar siúl ag am sos sa chlos. Ar an 16ú lá de Mhárta, bhí Seó Gaeilge againn san Amharclann Oileán. Tháinig slua mór tuismitheoirí agus sean-tuismitheoirí. Bhí uair deas ag gach duine le dánta, amhráin, rince agus ceol traidisiúnta agus Gaelach. Maith shibh a pháistí!
